Questions? +1 (202) 335-3939 Login
Trusted News Since 1995
A service for agriculture industry professionals · Thursday, March 28, 2024 · 699,427,476 Articles · 3+ Million Readers

Sábháilteacht Bia agus Barántúlacht Bia - is é do Ghnó é!

Tá fáilte curtha ag an Aire Michael Creed inniu roimh an bhFóram um Shábháilteacht Bia & Barántúlacht Bia (FSFA) atá á reáchtáil i mBacastún. Tá sé mar aidhm le straitéis FSFA a sheol an tAire Creed i mí Iúil 2018 a chinntiú go bhfuil creat éifeachtach agus éifeachtúil ag an Roinn atá comhchuibhithe agus comhordaithe chun gach gníomhaíocht a eagrú lena n-áirítear rialuithe oifigiúla maidir le sábháilteacht agus barántúlacht bia chun tacú le cuspóir DAFM maidir le sármhaitheas i mbeartas, straitéis agus oibríochtaí.

 

Dúirt an tAire Creed ‘Tá sábháilteacht agus barántúlacht bia i gcroílár obair na Roinne seo, agus tá siad mar bhonn agus thaca ag an ngealltanas a thugaimid do thomhaltóirí sa tír seo agus thar lear. Tá sláinte an phobail a chur chun cinn agus a chosaint ar cheann de thosaíochtaí straitéiseacha mo Roinne.”

 

Dúirt an tAire Creed ‘’Oibríonn mo Roinnse, an Roinn Sláinte, an tÚdarás Sábháilteachta Bia (FSAI), HSE, SFPA agus Údaráis Áitiúla le chéile, trí mhaoirseacht dhíreach agus indíreach, chun an ráthaíocht riachtanach a thabhairt maidir le sábháilteacht agus barántúlacht táirgí bia na hÉireann."

 

Trí Straitéis FSFA, tacaítear le comhoibriú a chothú i measc páirtithe leasmhara, agus trí Fhóram FSFA, tugtar deis do pháirtithe leasmhara a bheith rannpháirteach leis an DAFM maidir leis an Straitéis a chur i bhfeidhm. Cuirfidh an Fóram Bia eolas nuashonraithe ar fáil maidir leis an obair thábhachtach seo a chur i gcrích ina bpléitear le Cumarsáid Straitéiseach, Riosca, Pleanáil Teagmhais, Rialuithe Oifigiúla a Chomhchuibhiú, Sonraí a Ghabháil agus a Anailísiú, Beartas agus Comhlíonadh agus Oiliúint agus Forbairt i réimse na Barántúlachta Bia agus taithí a roinnt le comhghníomhaireachtaí.

 

 

Nótaí d'eagarthóirí

Bhunaigh Bord Bainistíochta na Roinne an Grúpa Oibre um Shábháilteacht Bia agus Barántúlacht Bia d'fhonn an ról barrthábhachtach atá ag an Roinn maidir le sábháilteacht bia agus barántúlacht bia a chosaint a chur chun cinn tuilleadh.

Is féidir teacht ar chóip leictreonach den Straitéis um Shábháilteacht Bia agus Barántúlacht Bia anseo.

 

Food Safety Food Authenticity

 

CRÍOCH

Date Released: 21 November 2019

Powered by EIN Presswire


EIN Presswire does not exercise editorial control over third-party content provided, uploaded, published, or distributed by users of EIN Presswire. We are a distributor, not a publisher, of 3rd party content. Such content may contain the views, opinions, statements, offers, and other material of the respective users, suppliers, participants, or authors.

Submit your press release